Comórtas Díospóireachta an Phiarsaigh - Gael Linn
Beatha teanga í a labhairt. Is fíor an ráiteas sin maidir le foireann díospóireachta Acadamh Mhuire Cheatharlach. An chloch is mó ar phaidrín na scoile ná chun na daltaí a spreagadh chun Gaeilge a labhairt sa seomra ranga agus timpeall na scoile agus an teanga a chur i lár an aonaigh i saol na scoile.
Eagraíodh turais go dtí an Ghaeltacht. Ghlac na daltaí páirt go fonnmhar i ndíospóireachtaí chun a scileanna a thaispeáint don saol mór.
Rinne na múinteoirí agus na daltaí obair na gcapall chun na foirne a ullmhú. Eagraíonn Gael Linn Comórtas Díospóireachta an Phiarsaigh ar leibhéal náisiúnta. Ag tús na bliana glacann níos mó na 150 meanscoileanna páirt sa chomórtas. Sa bhliain 2015 bhuaigh Acadamh Mhuire an Chraobh réigiúnach agus shroich siad craobh na hÉireann den chéad uair riamh i stair na scoile.
Sa bhliain 2017 – Rinne foireann na scoile éacht nuair a bhuaigh siad an chraobh réigiúnach agus shroich siad craobh na hÉireann.
Sa bhliain 2017, d’éirigh go han mhaith le foireann díospóireachta na scoile. Bhuaigh Darragh Mac Giolla Pádraigh Craobh na hÉireann le foireann na hollscoile Gaillimh. Nuair a thiteann an crú ar an táirne taispeánann na torthaí seo go bhfuil Gaeilge d’ardchaighdeán in Acadamh Mhuire.
Tar éis athoscailt na tíre agus scamall an víreas coronach imithe ceapaimid go mbeidh na laethanta is gile romhainn agus tá súil againn go mbeidh an gabhar a róstadh sa scoil arís sa todhchaí.
